Is bunscoil Ghaeltachta í Scoil na Maighdine Muire gan Smál a bhfuil soláthair oideachais ar ard-chaighdeán trí mheán na Gaeilge comhtháite le hoidhreacht cultúrtha na hÉireann agus éiteas láidir Caitliceach.
Is í fealsúnacht na scoile na an t-oideachas sin a sholáthair in atmasféar ceannasach fite fuaite le comh-mheas agus cúram na ngasúr mar phríomh aire againn i gcónaí.
Tá muid suite i gCamus, i gcroílár Chonamara. in áit álainn, chiúin agus atá fíor-luachmhar ó thaobh saibhreas na Gaeilge agus an chultúir de.
Bíonn muid gníomhach thaobh tionscnamh oideachais de, Scríobh Leabhar, Stéibh (comórtas amhrán nua-chumtha), Coirm Ghael Linn (drámaíocht), Discover Primary Science, An Brat Glas (4 bhrat bronnta orainn go dtí seo), Comórtais ealaíne áitiúla, Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, Aiste “Deich mbliana na gCuimhneachán”, tionscnamh staire aitiúl eile: Wikispaces/google drive srl, Míle Órga na Gaillimhe, Food Dudes, Show Racism the Red Card agus Irish Aid awards mar shampla de thionscnaimh éagsúla.
Ráiteas Físe
Is scoil Ghaeltachta í Scoil na Maighdine Muire gan Smál go bhfuil sé mar aidhm aici oideachas iomlán trí mheán na Gaeilge, comhtháite le cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur ar fáil.
Is scoil chaitliceach í an Scoil seo agus tá éiteas na scoile bunaithe ar luachanna Caitliceacha, comh-mheas, cúram dá chéile agus forbairt féin-mhuiníne phobal na scoile uilig.
Fáiltímid roimh daoine taobh amuigh den chreideamh Chaitliceach freisin.
Bíonn spiorad pobail, aontas aidhme, comh-fhreagracht, meas agus tuiscint ar an gcomhshaol mar bhunchloch d’ar gcuid oibre.
Caomhnaimíd féiniúlacht na ngasúr agus forbraímíd a gcuid buanna, eispearis agus talúin.
Is trí atmasféar dearfach, ceanúil, sábhailte a sholathraímíd an t-oideachas iomlán seo do phobal na scoile uilig.